Fios Físe logo

Painéal Lucht Féachana TG4 / Painéal Lucht Éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta

Baile

Fiosraíonn Fios Físe dearcadh Phobal Labhartha na Gaeilge i leith TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá Painéal Lucht Féachana agus Éisteachta bunaithe againn chuige seo. Ag leanúint dea-chleachtas idirnáisiúnta déantar athnuachan ar an bpainéal go rialta. Tá cuireadh á thabhairt do phobal labhartha na Gaeilge ó cheann ceann na tíre a bheith páirteach sa bPainéal Féachana agus Éisteachta. Bailítear eolas ó bhaill an Phainéil go seachtainiúil trí Dhialann Féachana agus Éisteachta a bhíonn le líonadh ar an idirlíon.

Má tá tú 15 bliain d’aois nó os a chionn, Gaeilge agat agus spéis agat do thuairimí ar TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta a roinnt:

Níl i gceist ach roinnt bheag nóiméad in aghaidh na seachtaine agus tá Scéim Dílseachta spéisiúil ann do na baill freisin.

Beidh fíorchaoin fáilte romhat freisin teagmháil a dhéanamh linn ar an bhfón nó trí ríomhphost má tá tuilleadh eolais uait:

eolas@fiosfise.ie

Teil: + 353 (0)91 494631

Barr