Fios Físe logo

Painéal Lucht Féachana TG4 / Painéal Lucht Éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta

Feidhmíonn Fios Físe faoi réir Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (GDPR).  Míneoidh an polasaí príobháideachta seo conas a úsáideann Fios Físe na sonraí pearsanta a bhailímid uait.

Cad iad na sonraí a bhailímid?

Nuair a léirítear suim páirt a ghlacadh i dtionscadal Fios Físe, bailíonn muid na sonraí pearsanta seo: ainm, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin agus raon aoise.

Conas a bhailímid do shonraí?

Bailíonn muid na sonraí seo uait nuair a chláraítear ag úsáid an fhoirm chlárúcháin atá ar an suíomh seo. D’fhéadfadh muid sonraí a bhailiú uait thar an nguthán nó ar ríomhphost freisin.

Conas a úsáidfimid do shonraí?

Bailíonn muid do shonraí ionas gur féidir linn suirbhéanna a chur amach chugat go seachtainiúil agus teagmháil a dhéanamh leat faoi ghnéithe éagsúla d’obair Fios Físe.

Roinnfidh Fios Físe do shonraí le eagraíochtaí éagsúla ionas gur féidir linn an tionscadal a reáchtáil mar is cuí. San áireamh anseo tá Ollscoil na Gaillimhe (www.ollscoilnagaillimhe.ie), TG4 (www.tg4.ie) agus Snap Surveys, an comhlacht a chuireann an bonneagar suirbhéireachta ar fáil (www.snapsurveys.com)

Conas a stórálfaimid do shonraí?

Stórálann muid do chuid shonraí go slán ar bhfreastalaithe idirlín TG4, ar bhfreastalaithe agus bonneagar ríomhaireachta Ollscoil na Gaillimhe, agus ar bhfreastalaithe Snap Surveys. Coinníonn muid do chuid sonraí ar feadh tréimhse an tionscadail, nó go dtí go gcuireann tú in iúl dúinn nár mhaith leat páirt a ghlacadh sa tionscadal a thuilleadh.

Cad iad do chearta um chosaint sonraí?

Ba mhaith le Fios Físe a chinntiú go bhfuil tú go hiomlán ar an eolas faoi do chearta cosanta sonraí go léir. Tá gach úsáideoir i dteideal na nithe seo a leanas:

  • An ceart rochtana – Tá sé de cheart agat cóipeanna de do shonraí pearsanta a iarraidh uainn.
  • An ceart chun ceartúcháin – Tá sé de cheart agat iarraidh orainn aon fhaisnéis a chreideann tú atá míchruinn a cheartú. Tá sé de cheart agat freisin iarraidh orainn an fhaisnéis a chreideann tú atá neamhiomlán nó míchruinn a cheartú.
  • An ceart chun scriosta – Tá sé de cheart agat a iarraidh go scriosfar do chuid sonraí pearsanta, faoi choinníollacha áirithe.
  • An ceart chun próiseáil a shrianadh – Tá sé de cheart agat a iarraidh orainn próiseáil do shonraí pearsanta a shrianadh, faoi choinníollacha áirithe.
  • An ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne próiseála – Tá an ceart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, faoi choinníollacha áirithe.
  • An ceart chun iniomparthacht sonraí – Tá sé de cheart agat a iarraidh go n-aistreoidh muid na sonraí atá bailithe againn chuig eagraíocht eile, nó go díreach chugat féin, faoi choinníollacha áirithe.

Má dhéanann tú iarratas ar eolas chugainn, tá mí amháin againn chun freagra a thabhairt duit. Más mian leat aon cheann de na cearta seo a fheidhmiú, déan teagmháil linn le do thoil ag ár ríomhphost: eolas@fiosfise.ie

Athruithe ar ár bpolasaí príobháideachais

Coinníonn Fios Físe a polasaí príobháideachta faoi athbhreithniú rialta agus cuireann muid aon nuashonruithe ar an leathanach gréasáin seo.

Cé hiad an rialaitheoir sonraí do Fios Físe?

Is iad Ollscoil na Gaillimhe rialaitheoir sonraí Fios Físe. Tá níos mó eolais faoi pholasaí cosanta sonraí na hOllscoile anseo https://www.universityofgalway.ie/data-protection/. Tá sonraí teagmhála Oifigeach Cosanta Sonraí na hOllscoile le fáil anseo https://www.universityofgalway.ie/data-protection/contactus/ .

Conas teagmháil a dhéanamh linn

Má tá aon cheist agat faoi bheartas príobháideachta Fios Físe, na sonraí a choinnímid fút, nó más mian leat ceann de do chearta cosanta sonraí a fheidhmiú, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ag eolas@fiosfise.ie

Conas teagmháil a dhéanamh leis an údarás cuí

Más mian leat gearán a thuairisciú nó má bhraitheann tú nár thug Fios Físe aghaidh ar d’ábhar imní ar bhealach sásúil, féadfaidh tú dul i dteagmháil le hOifig an Choimisinéara Faisnéise https://www.dataprotection.ie/

Barr