Fios Físe logo

Painéal Lucht Féachana TG4 / Painéal Lucht Éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta

Foirm Chláraithe

Iarrtar ort an fhoirm thíos a líonadh le gur féidir linn tú a chlárú mar bhall ar Fios Físe.

Is chun críche taighde lucht féachana agus lucht éisteachta amháin a úsáidfear na sonraí pearsanta thíos. Baileofar eolas uait go seachtainiúil trí Dhialann Féachana agus Éisteachta a bheidh le líonadh ar an Idirlíon.

Critéir cháilitheachta do bhallraíocht ar Fios Físe

  • Ní cheadaítear do bhaill foirne TG4, do bhaill Bhord TG4 nó do rannpháirtithe Chomhairle Féachana TG4 a bheith in mbaill de Fios Físe. Ní cheadaítear ach an oiread do bhaill foirne ó chuideachtaí/eagraíochtaí a dhéanann obair choimisiúnaithe do TG4.
  • Ní cheadaítear do bhaill foirne RTÉ nó do rannpháirtithe Chomhairle Raidió na Gaeltachta a bheith páirteach.
  • Ní cheadaítear do bhaill foirne d’Ollscoil na hÉireann Gaillimh a bheith páirteach i Fios Físe.
  • Ní cheadaítear do theaghlaigh na gcohóirt thuasluaite uile a bheith ina mbaill ach an oiread.
  • Ní cheadaítear do cuiditheoirí rialta ar chláir TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheith ina mbaill den Phainéal.

Cosaint Sonraí

Feidhmíonn Fios Físe faoi réir Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (GDPR). Ní bheidh do shonraí pearsanta le feiceáil ach an oiread ar aon thuairiscí a eascróidh ón eolas a bheidh sna dialanna féachana agus éisteachta a sheolfar ar ais. Eolas staitistiúil agus tuairiscí gan ainm a bheidh i gceist. Stóráilfear do chuid sonraí go sábháilte. Tá tuilleadh eolais faoi pholasaí cosanta sonraí Fios Físe le fáil anseo.

Barr